Oifigeach Pleanála Teanga Nua Ceaptha ag Dún Garbhán le Gaeilge

Tá an-áthas ar Dhún Garbhán le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha acu chun díriú ar chur chun cinn na Gaeilge i nDún Garbhán, Dún na Mainistreach, agus Clais na Lachan. 

Thosaigh Seán Ó Coileáin linn an tseachtain seo, agus tá sé ar bís chun tabhairt faoina chúraimí nua mar Oifigeach Pleanála Teanga don cheantar, ag tógáil ar an mbunobair iontach atá curtha i gcrích ag an eagraíocht go dtí seo. 

Tá Seán ar fáil ar an ríomhphost dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó ar an nguthán ag 0874785054. 

Seán Ó Coileáin - GAIRM @Údarás na Gaeltachta | Rannóg Pleanála Teanga | | LinkedIn

Nuacht is Déanaí