Gradam Saoil bronnta ar Mháire Seó Breathnach

Ar an Aoine 28ú bhronn Jen Uí Dhuibhir (Cathaoirleach Chomhlucht Forbartha na nDéise) agus Dónal Ó Conghaile (Cathaoirleach Dhún Garbhán le Gaeilge) gradam saoil ar Mháire Seó Breathnach. 

 

Thosaigh Máire Seó Breathnach ina ról mar Oifeagach Gaeilge don Chomhairle Chontae 23 bliain ó  shin. Ó shin tá sí tar éis an Coiste Logainmneacha a bhunú, a bheith mar rúnaí ar Chomhlucht Forbartha na nDéise, ceann dos na bunaitheoirí ar Dhún Garbhán le Gaeilge, a bheith ina rúnaí ar Chumann na nOifeagach Forbartha Gaeilge agus i bhfad níos mó.

Bhí sé mar ónóir do Chomhlucht Forbartha na nDéise agus Dún Garbhán le Gaeilge an gradam seo a bhronnadh ar Mháire Seó chun aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn i gContae Phort Láirge.

Nuacht is Déanaí