Tá an-athás ag Dún Garbhán le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhlucht Forbartha na nDéise a fhógairt go mbeidh Féile Meitheam ar siúl i mbliana ó 13ú Meitheamh go dtí an 15ú Meitheamh.
Is féile é seo chun an nasc idir an Ghaeltacht agus an Baile Seirbhíse Gaeltachta a cheiliúradh agus beidh rudaí ar siúl i nDún Garbhán chomh maith le i nGaeltacht na nDéise.
D’oibrigh an dá OPT Éanna Ó Donghaile (Gaeltacht na nDéise) agus Bróna Coleman (Dún Garbhán) chomh le Cabríní de Barra (bainisteoir Chomhlucht Forbartha na nDéise go dian chun an deireadh seachtaine seo a chur ar siúl, le tacú ón dá bhord.
Táimid ag tnúth go mór lenár gceantar Gaelach a cheiliúradh libh – na cháill an deis!
