Dún Garbhán le Gaeilge
Bunaíodh Dún Garbhán le Gaeilge i 2017 ag coiste deonach a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar. Lean an grúpa ar aghaidh chun cinntiú go bhfuair Dún Garbhán le Gaeilge aitheantas mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Mar gheall ar sin seoladh plean teanga Dhún Garbhán i 2022.
I mí Iúil 2023 fostaíodh an chéad oifeagach pleanála teanga sa cheantar, Bróna Coleman. Tá sé de dhualgas ag an tOifeagach Pleanála Teanga an plean teanga, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a chur i bhfeidhm i nDún Garbhán, Dún na Mainistreach agus Clais na Lachan.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin obair a dhéanann Dún Garbhán le Gaeilge bí cinnte go leanann tú ár meáin sóisialta nó déan teagmháil le Bróna go díreach, sonraí ar fad thíos!