Conas gur féidir linn tacú le gnó

Is eagraíocht áitiúil atá chun tosaigh agus aitheanta í Dún Garbhán le Gaeilge a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i nDún Garbhán agus Dún na Mainistreach. Tá an comhlacht comhdhéanta de bhord deonach agus Oifigeach Pleanála Teanga – Bróna Coleman. Táimid anseo chun tacú le gach gnó áitiúil ar mhaith leo feabhas a chur ar a n-infheictheacht agus ar a n-úsáid na Gaeilge ina ngnó.

Seirbhís Aistriúcháin Saor in Aisce

Tá an seirbhís seo dírithe orthu siúd atá ag lorg cáipéisí beaga a fháil aistrithe ar nós biachlár srl.

Tacaíocht chun chur isteach ar deontas Fhoras na Gaeilge le haghaidh comharthaíocht.

Tá Dún Garbhán le Gaeilge ar fáil i gcónaí chun tacaíocht a thabhart do gnóthaí atá ag iarraidh chur le feiceálacht na Gaeilge. Mar chuid de sin is féidir linn tacú leis an iarratas do dheontas Fhoras na Gaeilge, deontas gur féidir leat 50% an chostas a fháil do chomharthaíocht má tá sé i nGaeilge.

Gnó na Seachtaine

Feachtas Seachtainiúil chun aitheantas a thabhairt do gnóthaí a úsáideann Gaeilge ina ngnó. Cuireann Gnó na Seachtaine spotsholas ar gnóthaí sa cheantar a chuireann seirbhís ar fáil tri Ghaeilge. San áireamh tógaimid fiseán nó griangrafanna dos na gnóthaí/ fostaithe atá ansan fógartha ar ár meáin sóisialta.

Ceardlanna don lucht gnó faoi conas an Ghaeilge a úsáid.

Is féidir ceardlanna a chur ar fáil do gnóthaí nó a bhfostaithe chun eolas a thabhairt faoi tacaíochtaí agus acmhainní atá ann chun chur le húsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó.

Ranganna dírithe ar an lucht gnó

Cuirfear ranganna ar fáil go bliaintúil atá dírthe ar gnóthaí amháin chun cabhrú leo an méid seirbhís atá ar fáil trí Ghaeilge a méadú.

Treoir don Ghradam Gnó na hÉireann

Cuireann Dún Garbhán le Gaeilge treoir ar fáil chun cabhrú le gnóthaí chur isteach ar Gradam Gnó na hÉireann agus chun spota a bhuachaint. Chomh maith le sin cabhróimid leo dul chun cinn a dhéanamh go dtín céad céim eile má tá siad tar éis gradam a bhuachaint cheanna féin.