Ceithre Scoláireacht Gaeltachta Bronnta ag Dún Garbhán le Gaeilge 2025 agus 2026

Tá an-áthas ar Dhún Garbhán le Gaeilge a fhógairt gur bronnadh ceithre scoláireacht Ghaeltachta ar dhaltaí óga chun freastal ar Choláiste na Rinne i 2025 agus trí scoláireachtaí i 2026.

 

Ó seoladh Plean Teanga Dhún Garbhán, tá deis ag daltaí a chónaíonn laistigh de Limistéar Pleanála Teanga Dhún Garbhán cur isteach ar scoláireacht Ghaeltachta go Coláiste na Rinne, le deis scoláireacht iomlán nó leathscoláireacht a fháil.

Má chónaíonn tú i nDún Garbhán, i nDún na Mainistreach nó i gClais na Lachan agus má tá suim agat i scoláireachtaí 2027, coinnigh súil ar mheáin shóisialta Dhún Garbhán le Gaeilge. Beidh tuilleadh eolais ar fáil go luath.

Nuacht is Déanaí